Fr. 31.10

Gítá Ashtávakra - A¿¿¿vakra G¿t¿ - Eagrán dátheangach i Sanscrait agus i nGaeilge

Irisch · Taschenbuch

Versand in der Regel in 2 bis 3 Wochen (Titel wird auf Bestellung gedruckt)

Beschreibung

Mehr lesen










Nuair a bhí Ashtávakra i mbroinn a mháthar chuala sé a athair agus na Scrioptúir aige á n-aithris: an chéad rud eile, nár thosaigh sé ag tabhairt amach dó! Níl agat, arsa an suth sa bhroinn leis, níl agat ach tuiscint acadúil do na Scrioptúir. Ní beo suthain ionat iad!
Bhí an t-athair curtha amach mar gheall air sin agus chuir sé a mhallacht ar Ashtávakra. Nuair a tháinig an leanbh ar an saol, bhí ocht mórmháchail ar a chorp agus sin é is brí lena ainm, ä¿a 'ocht', vakra 'lúb'. Ní lúbtha cam atá a theagasc, áfach, ach caol díreach!
Míniú eile ar na máchailí sin a bhí air ná go raibh sé ag casadh is ag lúbadh an t-am ar fad sa bhroinn toisc nach raibh na Scrioptúir á n-aithris go cruinn ag a athair, ó thaobh na foghraíochta de. Rud beo, rud beannaithe is ea teanga agus is mór an peaca é oiread is siolla amháin a chur as a riocht.
Agus é ina ógánach, thug Ashtávakra cuairt ar an Rí Janaka agus nuair a chonaic sé na scoláirí móra ann ag gáire faoin gcuma aisteach a bhí air, ar seisean leis an Rí: "Níl iontu san, a Mhórgacht ach gréasaithe bróg, súdairí!" Is é a bhí i gceist aige leis sin ná an méid seo: ní fheiceann an gréasaí bróg is an súdaire ach craiceann an ainmhí, an taobh amuigh.
Thuig Janaka láithreach go bhféadfadh sé rún na beatha a fhoghlaim ón mairtíreach óg sin agus sa chéad véarsa den Gítá lorgaíonn sé an t-eolas sin. Samhlaigh an t-iontas a bhí ar na "gréasaithe" go léir, na cúirtéirí uaisle, nuair a thug an rí "Tiarna" ar Ashtávakra. Ó sea, baineadh preab as na gréasaithe ar chloisteáil an fhocail "Tiarna" dóibh. Lig don leabhar seo, Gítá Ashtávakra, preab a bhaint asatsa.
Conas a tharla sé seo go léir? Deirtear go raibh tromluí ar Janaka. Ionsaíodh a phálás agus b'éigean dó dul ar a theitheadh san fhoraois. Tháinig ocras air tar éis cúpla lá. Chonaic sé manaigh i mbun deasghnátha agus ba mhór an faoiseamh dó an radharc sin: bheadh bia is deoch ar fáil dó. Bhí roinnt leitean ar dhuilleoga banana á dháileadh ag na manaigh ar na boicht agus nuair a fuair Janaka a chuid, d'imigh sé chun a lámha a ní sula gcromfadh sé ar ithe. Ach nuair a tháinig sé ar ais, bhí an leite sciobtha ag gadhar. Dhúisigh sé ina leaba, faoi bhraillíní sróil, allas air.
Cad ba bhrí leis an taibhreamh? Ní raibh na scoláirí-na gréasaithe-ar aon fhocal. Na nithe a thit amach d&oac

Produktdetails

Autoren Ashtavakra
Mitarbeit Gabriel Rosenstock (Übersetzung)
Verlag Evertype
 
Sprache Irisch
Produktform Taschenbuch
Erschienen 06.12.2019
 
EAN 9781782012573
ISBN 978-1-78201-257-3
Seiten 158
Abmessung 140 mm x 216 mm x 9 mm
Gewicht 208 g
Themen Ratgeber > Spiritualität > Esoterik
Sachbuch > Philosophie, Religion > Weitere Weltreligionen

Kundenrezensionen

Zu diesem Artikel wurden noch keine Rezensionen verfasst. Schreibe die erste Bewertung und sei anderen Benutzern bei der Kaufentscheidung behilflich.

Schreibe eine Rezension

Top oder Flop? Schreibe deine eigene Rezension.

Für Mitteilungen an CeDe.ch kannst du das Kontaktformular benutzen.

Die mit * markierten Eingabefelder müssen zwingend ausgefüllt werden.

Mit dem Absenden dieses Formulars erklärst du dich mit unseren Datenschutzbestimmungen einverstanden.